Inniu tá an tAire Pobal Deirdre Hargey tar éis Mol Aistriúcháin le haghaidh na Gaeilge agus na hUltaise a sheoladh.
![Translation hub Translation hub](https://www.communities-ni.gov.uk/sites/default/files/styles/inline-expandable/public/images/communities/news/dfc-translation-hub-irish.png?itok=_uP157HB×tamp=1618830880)
Beidh an Mol lonnaithe laistigh den Roinn Pobal agus tríd an mhol seo cuirfear seirbhísí aistriúcháin ar fáil do naoi Roinn an Fheidhmeannais, Comhlachtaí Páirtspleácha, Rialtas Áitiúil agus Comhlachtaí Poiblí.
Is éard a dúirt an tAire Hargey:
“Is cúis mhór áthais dom seoladh an mhoil Aistriúcháin a fhógairt. Is é seo ceann de na gealltanais atá leagtha síos ar an cháipéis Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua.
“Beidh ról lárnach ag an Mhol i dtaca le seirbhísí aistriúcháin agus tras-scríbhinne le haghaidh na hUltaise agus na Gaeilge.
Is éard a dúirt an tAire Hargey,
“Meon lárnach na Roinne is ea go gcuimsítear daoine agus pobail. Mar an tAire atá freagrach as an Ghaeilge agus an Ultais, cuirim fáilte roimh bhunú an Mhoil Aistriúcháin seo.”
Notes to editors:
- Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Mhol Aistriúcháin ar communities-ni.gov.uk/translationhub.
- Aon Chomhlacht Poiblí a bhfuil aistriúchán de dhíth air, rachaidh siad díreach chuig an Mhol Aistriúcháín. Mura bhfuiltear in ann an t-aistriúchán a chríochniú intí mar gheall ar acmhainn theoranta, gheobhaidh foireann an Mhoil conraitheoir a thabharfaidh faoin obair.
- Aon fhiosrú ó na Meáin, dírigh ar Phreasoifig na Roinne Pobal é.
- Reáchtálann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís taobh amuigh d’uaireanta gnó le haghaidh fiosruithe ó na Meáin idir 1800 a chlog agus 0800 a chlog amháin, Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifgeach ar dualgas ag 028 9037 8110.
- Lean an Roinn ar Twitter @CommunitiesNI
Latest news
- Tax credit only recipients urged to take action on ‘Move to UC’ migration notices 09 July 2024
- Consultation launched on changes to Child Maintenance enforcement and collection 08 July 2024
- £1.9million boost for over-50s employability 08 July 2024
- Appointments to the Board of Sport Northern Ireland 05 July 2024