Sheol an tAire Pobal Deirdre Hargey an scéim nua dhuaise ghnó GRADAIM inniu.
Is scéim uile-oileáin í GRADAIM a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn i ngnó agus a thugann aitheantas d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Faigheann eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid gnó nó a chuireann seirbhísí ar fáil dá gcustaiméirí trí mheán na Gaeilge duaiseanna.
Dúirt an tAire Hargey:
“Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge agus spreagfaidh an scéim seo iad chun é sin a dhéanamh. Cuireann úsáid na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó deis ar fáil don phobal gnó agus don phobal i gcoitinne. Ar fud an tuaiscirt, faigheann breis agus 7,000 páiste a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, méadú 60% thar na deich mbliana 2011-21. Seo iad ár gcuid custaiméirí amach anseo.”
Notes to editors:
- Fiosrúcháin ó na meáin ar r-phost chuig Preasoifig na RP: press.office@communities-ni.gov.uk.
- Tá seirbhís taobh amuigh de ghnáthuaireanta i bhfeidhm ag Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais d’fhiosrúcháin ó na meáin amháin idir 18:00 agus 08:00 Luan go hAoine, ag an deireadh seachtaine, agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Phreasoifigeach Dualgais ar 028 9037 8110.
- Lean muid ar Twitter @CommunitiesNI
Latest news
- Minister announces funding for Public Realm Scheme in Glengormley 21 August 2024
- Communities Minister visits iconic Gracehill following UNESCO award 15 August 2024
- Lyons pays tribute to frontline housing staff following hate crime incidents 15 August 2024
- Find your link to local heritage during European Heritage Open Days 2024 14 August 2024